A chuimhní ar a óige agus ag éirí aníos Faoi Chnoc. Ag 9 mbliana chuaigh sé ar fostú go Mín an Iolair ag buachailleacht. Bhí sé cúpla áit eile sa cheantar fosta, ar an Loinnigh. Chuaigh sé chun an Lagáin ansin agus chaith sé dhá bhliain ansin. Cur síos ar lá an rablaigh agus an obair a bhí le déanamh aige leis na hainmhithe. Bhí sé seal ag obair in Leitir Ceanainn in san co-operative. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh aige, bhí siad ag tiomáint leoraí agus ag iompair lód earraí. £2 de phá a bhí sé ag fáil, bhí sé ag stopadh i Leitir Ceanainn, bhí £1 de lóistín le díol aige.
Chuaigh sé go dtí an rablach in Leitir Ceanainn ar an traein lena mháthair. Fuair sé £7 ar shon na 6 mí a rinne sé ar an Lagán, bhí sin thart fá 1933 nó 1934. Níor bhain sé rud ar bith as an airgead ach luath péire bróga (14 scilling).
Fad: 00:08:05 Éist
Nuair a d’imigh sé go hAlbain lena dheartháir, bhí sé 17 nó 18 bliana d’aois. Ní raibh a athair sásta é imeacht, shíl sé go raibh sé ró-óg. Chuaigh siad go Berwickshire ag toghadh phreátaí. Bhí siad ag stopadh i mbotaí agus bhí siad ag fáil ar aghaidh go breá. Chuaigh sé go Glaschú ina dhiaidh sin agus chaith sé thart ar 2 bhliain ansin, ag cuidiú le siúinéir. D’fhág sé sin agus phill sé na bhaile nuair a bhris an cogadh amach ar eagla go gcuirtí san airm é. Chaith sé tamall sa bhaile (seo nuair a bhí sé leis an phost) agus pósadh é, d’imigh sé féin agus cúpla fear eile go hAlbain arís le comhlachtWimpey agus bhog siad ar aghaidh go Sasana. Bhí siad ag déanamh obair ar rúidbhealaigh ansin. Bhí siad ábalta bónas maith a shaothrú fosta le cois a bpá.
Tháinig scéala fríd ar an raidió ó Lord Haw Haw (spiadóir a bhí ann) do na hÉireannaigh le dídean a ghlacadh nó go rabhthar a bhuamáil Southampton an oíche sin ar a 8 a chlog agus gur chóir dóibh teitheadh, bhí siad ansin ábalta a dhul isteach i ndídean aer-ruathair. D’fhan sé 2 bhliain eile ansin agus ansin phill sé na bhaile agus thóg sé a theach.
Fad: 00:07:12 Éist
D’imigh sé go Albain arís agus rinne sé cúpla bliain ansin ar na feirmeacha sular imigh sé go Cumbria ag obair sna tolláin. Cur síos ar an chineál oibre a bhí siad ag déanamh. Bhí obair chrua ann agus bhí contúirt i gcónaí i gceist leis. Maraíodh fear amháin nuair a thit cloch ina mhullach, ní raibh clogad ar bith air. Bhí sé 1½ bliain ansin, obair oíche uilig a rinne sé. An chleasaíocht a bhíodh ar siúl acu eatarthu fosta.
Fad: 00:04:38 Éist